Fás, Forbairt & Foghlaim 

Is clár bliana é an Idirbhliain idir na sraithe Sóisearacha agus Sinsearacha. Tugann sé deis do dhaltaí le fás, forbairt agus foghlaim saor ó bhrú na Scrúduithe Stáit. 

Tá an Idirbhliain i gColáiste Muire éigeantach do chuile dalta. 

Buntáistí na hIdirbhliana 
i gColáiste Muire.

  • Daoine óga a ullmhú dá ról mar shaoránaigh neamhspleácha sa tsochaí trína dtaithí ar an saol fásta agus oibre.
  • Na daltaí a spreagadh níos mó freagrachta a ghlacadh as a gcuid foghlama agus cinnteoireachta féin.
  • Foghlamaíonn siad ó thaithí agus faigheann siad an deis ábhar nua a thriail.
  • Buanna, scileanna agus cumais na ndaltaí a fhorbairt.
  • Forbairt na samhlaíochta, na mothúchán, na scileanna cumarsáide, an chomhoibrithe agus ag obair mar fhoireann.

Clár Acadúil na hIdirbhliana

Tá chuile ábhar a thairgtear don Ardteist ar fáil le linn na bliana seo. Caithfidh daltaí cloí le clár na hIdirbhliana.

I rith na bliana seo faigheann na daltaí blaiseadh den Ardteist agus bíonn 40% ar a laghad den amchlár caite ag staidéar na hábhair acadúla. 

Bíonn deis ag chuile dhalta na hábhair a thriail a dhéanamh sula ndéanfaidh siad a rogha ábhar deiridh don Ardteist.

Cúrsaí & Gníomhaíochtaí Eile

Turas Eachtrach & Gníomhaíochtaí Allamuigh

Mionchuideachta

Scannáin & Fís a thaifead

Cóitseáil CLG

Iris na Scoile a léiriú

Tugtar cuireadh d’aoichainteoirí ar chuairt labhairt ar raon leathan ábhair/topaicí

Microsoft Office Specialist as a dtiocfaidh deimhniú Microsoft

Garraíodóireacht

Cór

Ealaíon & Ceardaíocht

Labhairt Phoiblí

Garchabhair

Staidéar Ceoil agus na Meán

Meantóireacht Mac Léinn

Ceardlann ar an Dlí