“NÍ BHÍONN AN RATH ACH MAR A BHÍONN AN SMACHT!”
Tosaíonn an lá scoile ag a 9 gach maidin. Ar an Luan agus Máirt bíonn naoi rang agus críochnaíonn na ranganna ag 3.55 sa tráthnóna. Ar an gCéadaoin, Déardaoin & Aoine, bíonn ocht rang agus críochnaíonn an lá ag 3.15 sa tráthnóna.
as láthair gan chead
Níl cead a bheith as láthair ón rang gan chead ón múinteoir.
Litir
Ní mór duit litir a thabhairt ó tuismitheoir/ caomhnóir chun an scoil a fhágáil i rith an lae.
Tinneas
Má bhíonn tinneas ort, is gá litir a thabhairt isteach an lá dár gcionn le mhíniú a thabhairt. Is féidir an litir seo a fhágáil san oifig.
Tinneas ar scoil
Má éiríonn dalta tinn ar scoil, caithfidh tuismitheoir nó duine den teaghlach iad a bhailiú láithreach.
Amchlár

Busanna
Fágann busanna ó Cathair na Mart, Caisleán an Bharraigh, Fionnaithe, Baile an Róba agus Achadh Ghobhair chuile mhaidin le freastal ar Choláiste Muire.
Má tá aon cheist agat faoi na busanna seo, cuir glaoch ar an oifig.