
ról na dtuismitheoirí
Tuigeann muid an tábhacht atá ag ról na dtuismitheoirí in oideachas a bpáiste, agus bíonn fáilte i gcónaí roimh thuismitheoirí i gColáiste Muire.
Is féidir glaoch nó coinne a dhéanamh chun labhairt leis an bpríomhoide nó le haon cheann de na múinteoirí má bhíonn gá.
Tá Coiste na dTuismitheoirí againn anseo sa scoil a dhéanann an t-uafás oibre agus táimid fíor-bhuíoch dóibh as an tacaíocht sin a thabhairt.
Cruinnithe
Beidh cruinnithe Tuismitheora / Múinteoirí uair in aghaidh na bliana do chuile bhliain.
Seoltar tuairiscí scríofa abhaile um Nollaig agus sa téarma deiridh do chuile dhalta.
Beidh tuairiscí scríofa curtha abhaile níos minice chuig daltaí na 3ú agus 6ú bliana.

Dialann Scoile
Iarrtar ar thuismitheoirí an Dialann Scoile a sheiceáil agus a shíniú chuile oíche, lena chinntiú go ndéanann daltaí an obair bhaile chomh maith agus is féidir leo agus go dtugann siad isteach na leabhair agus na cóipleabhair a theastaíonn chuile lá.
Ag teacht chuig na Scoile
Caithfidh tuismitheoirí a thagann chun na scoile ar chúis ar bith glaoch ar an Oifig ar dtús agus coinne a dhéanamh. Mar gheall ar na srianta Covid-19, ní fhéadfaidh muid daoine a ligean isteach sa scoil gan taifead air/uirthi.
Naisc & Acmhainní Úsáideacha
Coinnigh suas chun dáta leis an nuacht is déanaí sa scoil.
Is féidir an féilire a íoslódáil ag an nasc seo.