Tá seirbhís Tacaíocht Foghlama ar fáil inár scoil.

Comhordaíonn Íníon Ní Mhaoileoin ár gClár Tacaíochta Foghlama i gColáiste Muire.

D’fhéadfadh tacaíocht a bheith i bhfoirm focail spreagtha, seisiúin ghearrthéarmacha do ghrúpaí beaga nó teagasc fadtéarmach duine le duine.

Tá sé ríthábhachtach daltaí a shainaithint go luath sa Chéad Bhliain a bhainfeadh leas as Tacaíocht Foghlama.

Is é ról an Mhúinteora Tacaíochta Foghlama cabhrú le daltaí dul chun cinn a dhéanamh i gColáiste Muire agus taitneamh a bhaint as an leibhéal is fearr a oireann do láidreachtaí agus buanna na ndaltaí.

Is féidir le tuismitheoirí / caomhnóirí cuidiú leis seo trí chomhairle a thabhairt don Mhúinteoir Tacaíochta Foghlama faoi:

• Aon chabhair feabhais a fhaightear sa Bhunscoil. Aon mheasúnuithe oideachais a dhéanann an Bord Sláinte nó go príobháideach.

• Aon diagnóis ar dheacrachtaí foghlama ar leith. Aon deacrachtaí radhairc nó éisteachta.

• Aon fhadhb mhothúchánach nó fadhb iompraíochta a d’fhéadfadh bac a chur ar dhul chun cinn an dalta.

*Úsáidfear aon fhaisnéis a gheofar faoi rún, go docht chun aistriú an dalta ón mBunscoil go dtí an Mheánscoil a éascú.

OSPS sa Choláiste

Aithníonn Coláiste Muire an tábhacht a bhaineann le OSPS (Oideachas Sóisialta Pearsanta & Sláinte) agus tá clár iomlán OSPS i bhfeidhm sa scoil.

Baineann OSPS le forbairt phearsanta na mac léinn agus lena c(h)uid sláinte agus folláine. Tá sé ar cheann de na réimsí is tábhachtaí in oideachas dalta

Cabhraíonn OSPS le daltaí tuiscint a fháil ar chén chaoi aire a thabhairt dóibh féin agus cothaíonn sé mothú freagrachta as a gcuid gníomhartha féin.

•  A chur ar chumas na ndaltaí scileanna a fhorbairt le haghaidh féinchomhlíonta agus maireachtáil i bpobail. 

• A chur ar chumas na ndaltaí creat a fhorbairt don chinnteoireacht fhreagrach.

• Féinmheas agus féinmhuinín a chur chun cinn.

• Deiseanna machnaimh agus díospóireachta a sholáthar.

• Sláinte agus folláine choirp, mheabhrach agus mhothúchánach a chur chun cinn. 

Déantar OSPS sa chéad bhliain go dtí an tríú bliain agus clúdaíonn sé deich modúl lárnacha: Muintearas agus Comhtháthú, Féinbhainistíocht, Scileanna cumarsáide, Sláinte Fhisiciúil, Cairdeas, Caidrimh agus Gnéasacht, Sláinte Mhothúchánach, Tionchair agus Cinntí, Mí-úsáid Substaintí, Sábháilteacht Phearsanta