Comhghairdeas ó chroí le Maitiú agus Rebecca sa séú bliain ar bhronnadh ceannaire agus leas-cheannaire na scoile orthu ar an 23ú Meán Fómhair.

Toghadh mé mar cheannaire na scoile ar an 23ú lá de mhí Mheán Fómhair. Ní raibh mé ag súil leis ar chor ar bith. Bhí go leor iomaíocht i gceist. Bhí mo mham agus m’athair an-bhródúil asam. Tá mé fíor-bhuíoch as na múinteóirí a roghnaigh mé don ról seo. Déanfaidh mé iarracht sampla maith a thaispeáint do na daltaí óga agus an Ghaeilge a chur chun cinn sa choláiste. Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil le Rebecca Ní Ronáin freisin.

Maitiú Mac Giobúin

 

Ar an 23ú lá de mhí Mheán Fómhair, bronnadh leas-cheannaire na scoile orm. Lá an-speisialta a bhí ann dom. Ní raibh mé ag súil leis ar chor ar bith. Bhí mé an-bhródúil asam féin agus bhí mo theaghlach bródúil freisin. Chun an fhírinne a rá, tá mé neirbhíseach ag tosú amach ar an ról nua atá agam mar tuigim gur freagracht mhór é seo. Ach déanfaidh mé mo dhícheall sa ról. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na múinteoirí as an deis seo a thabhairt dom. Chomh maith leis sin, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Maitiú.

Rebecca Ní Ronáin

Categories:

Tags:

Comments are closed