Comhairle na Mac Léinn 
an-ghníomhach.

Comhairle na Mac Léinn 2020/2021

Guth na Scoláirí

Is é guth oifigiúil na scoláirí é; an bealach trína mbíonn ionchur ag na scoláirí i reachtáil na scoile. 

Bíonn cruinnithe rialta ag an gcomhairle ina mbíonn deis ag na scoláirí ceisteanna a bhaineann leo a ardú.

Freastalaíonn múinteoir ainmnithe ar na cruinnithe agus freastalaíonn an Príomhoide ar chéimeanna éagsúla i rith na bliana.


 Is í Íníon Ní Chatháin múinteoir comhairle mac léinn Choláiste Muire.

Cruinnithe Rialta

Tionóltar toghcháin chomhairle na mac léinn gach Meán Fómhair agus toghadh an chomhairle nua Cathaoirleach, Rúnaí agus OCP ag a gcruinniú tionscnaimh.

Taifeadtar miontuairiscí ag gach cruinniú. Tugtar cuireadh do gach ionadaí ceisteanna a ardú agus moltaí a dhéanamh a bhfuil suim ag na scoláirí iontu.

Pléitear an t-ábhar ag an gcruinniú agus déanann an chomhairle cinneadh ar ghníomh a bhaineann leis an t-abhar sin.

Gníomhaíochtaí

I rith na bliana acadúla reachtáil Comhairle na Scoláirí gníomhaíochtaí éagsúla do chorp na mac léinn, go háirithe an comórtas bliantúil Tug o ’War agus Seó Tallann na Nollag.

Sna seachtainí agus na laethanta roimh imeachtaí den sórt sin tiocfaidh comhairle Scoláirí le chéile ar bhonn níos rialta, de réir mar is gá.

Scrúdaíonn baill de chomhairle na scoláirí cáipéisí beartais scoile freisin agus bíonn an deis acu leasuithe a mholadh sula gcuirfear na beartais i bhfeidhm go hoifigiúil.