‘Caith le gach duine mar ba mhian leat go gcaithfí leat féin’
Is meánscoil mheasctha í Coláiste Muire i nGaeltacht Mhaigh Eo
An Ghaeilge
Tá an scoil tiomanta don nGaeilge agus le dul chun cinn na teanga. Cuireann Coláiste Muire oideachas d’ardchaighdeán ar fáil trí mheán na Gaeilge, agus cuireann muid cultúr na hÉireann chun cinn.
Pearsantacht an Scoláire
Is í an aidhm atá againn ná pearsantacht iomlán an scoláire a fhorbairt, go spioradálta, go hintleachtúil, go fisiciúil agus go mothúnach.
Oideachas d’Ard-Chaighdeán
Déanann an scoil a seacht ndícheall forbairt iomlánach an scoláire a chur chun cinn in atmaisféar a chuireann le fás acadúil agus pearsanta an duine trí mheán na Gaeilge.