Luach an Tumoideachas
Beidh go leor buntáistí fadtéarmacha ann do do pháiste toisc an rogha atá déanta ag an teaghlach oideachas trí mheán na Gaeilge a fháil – beidh scileanna cumarsáide aige nó aici in dhá theanga, deiseanna breise fostaíochta, beidh sé níos éasca air nó uirthi teangacha eile a fhoghlaim agus beidh neart buntáistí sóisialta eile ann.
Cognaíocht
- Éiríonn le scoláirí smaoineamh ar bhealaí níos cruthaithí.
- Bíonn scileanna cuimhne níos fearr acu.Léiríonn taighde gur féidir leis an dátheangachas moill a chur ar ghalar Alzhelmer.
- Bíonn scoláirí níos fearr ag tabhairt airde, ag díriú ar thascanna & á gcur i gcrích.
Tumoideachas & Tacaíocht i gColáiste Muire
Cuireann muid tacaíocht sa bhreis ar fáil do scoláirí nach bhfuil compórdach leis an nGaeilge agus déanann muid gach uile iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach spraíúil.
cabhair breise
Club gaeilge
cúntóir teanga
cúrsa ionduchtú Bl.1
‘is leor beirt’
scoláireacht chun na gaeltachta
Ceisteanna Coitianta
Ní gá. Cuirtear fáilte roimh pháistí ó gach cúlra teanga agus ó gach cultúr.
Is féidir spreagadh a thabhairt do do pháiste an Ghaeilge a shealbhú fiú mura bhfuil líofacht sa teanga agat féin. Níl Gaeilge mar theanga bhaile ag formhór na ndaltaí a freastalaíonn ar Choláiste Muire.
An cúnamh is mó gur féidir a thabhairt do do pháiste agus iad ag freastal ar scoil ná meon dearfach agus spreagúil maidir leis an scoil agus an Ghaeilge a léiriú dóibh. Cabhróidh sé le do pháiste má thuigeann siad go bhfuil tú bródúil astu agus go bhfuil suim agat ina bhfuil ar siúl acu.
Tugann an córas tumoideachais deis do chainteoirí dúchais tógáil ar an stór Gaeilge atá acu cheana, agus í a shaibhriú. Tugann an timpeallacht lán-Ghaeilge sa seomra ranga agus taobh amuigh de tacaíocht laethúil d’úsáid na Gaeilge sa bhaile.
Bíonn tionchar dearfach ag an tumoideachas trí mheán na Gaeilge ar líofacht na ndaltaí sa Bhéarla. Cuireann sé le cumais daltaí i dteangacha eile (lena n-áirítear Béarla) seachas aon bhac a chur orthu. Ní gá do thuismitheoirí a bheith buartha faoi chumas na ndaltaí má roghnaíonn siad leanúint ar aghaidh le staidéar ag an tríú leibhéal, mar go bhfuil na scileanna a fhorbraíonn na daltaí ag leibhéal na hiar-bhunscoile inaistrithe go dtí a n-oideachas tríú leibhéal. Ní bhíonn deacracht ag daltaí dul i ngleic le téarmaíocht i mBéarla mar tá tuiscint forbartha acu cheana féin ar na coincheapa a mbeidh de dhíth uathu le staidéar a dhéanamh ar an ábhar.
Freastalaíonn Coláiste Muire ar dhaltaí le riachtanais speisialta fhisiciúla agus oideachasúla; daltaí le deacrachtaí radhairc agus éisteachta, neamhoird de chuid speictream an uathachais, disléicse, agus riachtanais speisialta oideachais eile. Cuirtear na tacaíochtaí céanna ar fáil do na daltaí seo is a chuirtear ar fáil i scoileanna meán-Bhéarla.
Maítear nach ndéanann an tumoideachas dochar do dhaltaí le riachtanais speisialta oideachais agus dearbhaíonn tuairisc ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta in 2011 go dtacaíonn an córas le forbairt shóisialta, mhothúchánach agus idirphearsanta.
Aithníonn muid an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht na dtuismitheoirí i ngach gné d’oideachas a bpáistí, obair bhaile san áireamh. Tuigeann ár múinteoirí nach bhfuil Gaeilge líofa ag gach tuismitheoir agus tugtar obair bhaile d’fhonn treisiú a dhéanamh ar a bhfuil foghlamtha ag an dalta le linn am scoile.
Beidh do pháiste in ann an obair bhaile a thugtar dóibh a mhíniú duit sa teanga a úsáideann sibh le chéile sa bhaile. Cabhróidh sé go mór le do pháiste má léiríonn tú dóibh go bhfuil fíorspéis agat sa sealbhú teanga agus an dul chun cinn atá ar bun acu.
Ní gá. Freatalaíonn go leor scoláirí ar Choláiste Muire nach ndearna a gcuid oideachais bunleibhéal trí Ghaeilge. Cuireann muid fáilte roimh na daoine óga seo agus cuireann muid tacaíocht sa bhreis ar fáil le cinntiú go socraíonn siad isteach sa chóras tumoideachais.
Tá go leor cleasanna agus acmhainní ag na múinteoirí a úsáideann siad sa seomra ranga le cinntiú go bhfuil an duine óg sona sásta agus rannpháirteach san obair atá ar siúl, agus go dtuigeann siad a chéile. Rachaidh siad i dtaithí ar an tumoideachas go tapa agus imeoidh a gcuid imní.
Léiríonn taighde go ngnóthaíonn daltaí in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge a tháinig ó bhunscoileanna meán-Bhéarla torthaí chomh hard céanna i nGaeilge agus sa Mhata sa Teastas Sóisearach le daltaí a tháinig ó bhunscoileanna lán-Ghaeilge.
Tá. Cruthaíonn na múinteoirí acmhainní don seomra ranga agus tá teacht ar go leor leabhair le cúnamh a thabhairt don scoláire. Cuireann COGG (An Comhairle um Oideachas Gaeltacht agus Gaelscolaíochta) áiseanna teagaisc agus seirbhísí tacaíochta ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus tá eolaire d’áiseanna teagaisc ar fáil acu ar http://www.cogg.ie/eolaire-aiseanna-teagaisc/.
Beidh, agus breis! Níl aon bhac ar scoileanna lán-Ghaeilge bheith rannpháirteach in imeachtaí náisiúnta, agus cuireann leithéidí comórtas an Eolaí Óg duais ar leith ar fáil dóibh siúd a ghlacann páirt trí mheán na Gaeilge. Tá rogha leathan imeachtaí ar fáil chomh maith atá dírithe ar dhaltaí na scoileanna lán-Ghaeilge amháin; imeachtaí spóirt, díospóireachta, drámaíochta, ceoil agus eile.