Cuirimid réimse mór spóirt ar fáil ar léibhéil éagsúla.

Cuireann Coláiste Muire gach spórt chun cinn do bhuachaillí agus do chailíní agus déanann muid iarracht an oiread foirne agus is féidir a chur le chéile chun páirt a ghlacadh i gcomórtais iomaíocha.

Peil Ghaelach

Glacann Coláiste Muire páirt i gCraobhchomórtais agus Sraitheanna Chonnachta do scoileanna do chailíní agus do bhuachaillí.  Bíonn foirne againn don chéad agus dara bliain, foirne sóisear agus sinsear.

Comórtas Peile na Gaeltachta

Eagraíonn Coláiste Muire Comórtas Peile na Gaeltachta do scoileanna chuile bliain. Tagann meánscoileanna chuig an gcomórtas ó Ghaeltachtaí Mhaigh Eo agus Ghaillimh. Gan dabht, bíonn comórtas den chéad scoth eagraithe go snasta ag Coláiste Muire.

Is ceiliúradh é an Comórtas Peile de chultúr na Gaeltachta – idir spórt, teanga, ceol agus rince.  Sárthaispeántas is ea é dár n-oidhreacht agus dár gcultúr agus ba cheart go mbéimís bródúil go bhfuil sé i dTuar Mhic Éadaigh. 

Lúthchleasaíocht

Bhí ról tábhachtach riamh ag Track and Field i bhféilire spóirt an Choláiste. Tosaíonn séasúr na Tras-Tíre i mí Eanáir.

Bíonn lúthchleasaithe san iomaíocht sa bhabhta réigiúnach leis an seans a dhul go dtí cluichí ceannais Chonnachta agus Náisiúnta. Bíonn daltaí san iomaíocht freisin i mbabhtaí ceannais lúthchleasaíochta na scoile, i go leor disciplíní éagsúla.

Spóirt Eile

Cispheil

Damhsa

Sacar

Gleacaíocht

Eitpheil

Haca

Tá foireann na scoile breá sásta aon spórt eile a chur ar fáil má bhíonn an t-éileamh ann.